I ndiaidh tuairimí mic léinn ard-oideachais ón Eoraip i mórcheantair Átha Cliath a lorg, thug 92% acu le fios gur thaitin sé leo bheith ann agus go dtiocfaidís ar ais ar saoire. Luann siad gurb iad cairdiúlacht mhuintir na hÉireann, an taithí chultúrtha agus feabhsú ar a mBéarla na rudaí is fearr a bhain lena seal in Éirinn ach ní maith leo an aimsir agus cé chomh daor is atá sé chun maireachtáil in Éirinn.
Sa phictiúr - Lord Mayor, Andrew Montague, Antonio Vélez (An Spáin), Letterina Citro (An Iodáil) agus Markus Walther (An Ghearmáin).
Freastalaíonn breis agus 1,700 mac léinn ó 32 thíortha Eorpacha eile ar institiúidí ard oideachais i mBaile Átha Cliath agus Maigh Nuad gach bliain faoi choimirce an chláir Erasmus. Ceadaíonn an clár seo malairtí ar feadh suas go dtí bliain ar fhad agus ón am ar cuireadh tús leis cúig bhliain is fiche ó shin, tá seal caite ag 2.5 milliún mac léinn, ina n áirítear 35,000 mac léinn ó Éirinn, ag staidéar i dtír Eorpach eile.
Chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an Údarás um Ard-oideachais, an comhlacht a bhainistíonn an clár Erasmus in Éirinn, 308 mac léinn faoi agallamh chun a fhionnadh go mion conas mar a bhí ag éirí leo i mBaile Átha Cliath agus Maigh Nuad. Foilsítear an tuarascáil inniu (25 Meitheamh) i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Is é an tArd Mhéara, an Comh. Andrew Montague atá á seoladh.
I measc torthaí na tuarascála:
- roghnaigh 85% acu teacht go Baile Átha Cliaht chun a mBéarla a fheabhsú agus roghnaigh 49% acu teacht toisc an clú agus cáil atá ar Bhaile Átha Cliath mar chathair chairdiúil;
- shíl a bhformhór go raibh na háiseanna do mhic léinn amhail ionaid spóirt agus leabharlanna níos fearr in institiúidí Éireannacha ná ina gcoláistí féin sa bhaile. Chláraigh dhá thrian acu le cumann nó club i gcoláistí fad is a bhí siad anseo.
- thug 97% acu cuairt ar áiteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath fad is a bhí siad ag cur fúthu anseo. B'iad Gaillimh (22%), Béal Feirste (16%), Corcaigh (15%) agus Cill Mhantáin (10%) na háiteanna ar a raibh an triall is mó.
- ghlac breis agus 40% dóibh páirt i bhFéile Lá 'le Phádraig, agus bhain 46% feidhm as leabharlann phoiblí.
- nuair a fhiafraíodh orthu freagra a thabhairt don ráiteas seo, "Bíonn rud éigin suimiúil de shíor ar siúl i mBaile Átha Cliath", d'aontaigh 39% acu go láidir leis, maille le 52% a d'aontaigh leis. Níor aontaigh ach 9% acu leis an ráiteas agus ní raibh aon duine (0%) nár aontaigh go láidir leis an ráiteas.
- síleadh go raibh dea luach ar airgid le fáil nuair a d'fhreastail siad ar imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí spóirt. Síleadh freisin go raibh luach éadaí go maith.
- Seo cuid de na nithe a bhí mar ábhar buartha dóibh,
- bhraith 23% acu nach raibh an áit ina rabhadar ina gcónaí slán istoíche,
- shíl 80% acu go bhfuil Baile Átha Cliath níos daoire ná a dtír dhúchais. Maítear nach bhfuil luach ar airgid maith le fáil do lóistín, d'iompar agus d'alcól.
- Tá sé de nós ag mic léinn Eorpacha cuairt a thabhairt ar a lán iontais do thurasóirí agus is iad na deich gcinn is mó a dtriallann siad orthu ná,
Barra an Teampaill (ar a thug 98% cuairt)
- Faiche Stiabhna (94%)
- Páirc an Fhionnuisce (78%)
- Ard-Eaglais Phádraig (71%)
- Guinness Storehouse (70%)
- Caisleán Bhaile Átha Cliath (70%)
- Ard-Eaglais Chríost (66%)
- Leabhar Cheanannais (66%)
- Ard-Oifig an Phoist (65%)
- An Dánlann Náisiúnta (54%)
- Déanta na fírinne, thug 23% cuairt ar Theach Laighin, b'fhéidir céatadán níos mó ná daonra Bhaile Átha Cliath!
Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Andrew Montague,
"Léiríonn na torthaí seo gurb maith a bhí an t-am a chaith na mic léinn i mBaile Átha Cliath agus go mbeidís breá sásta Baile Átha Cliath a mholadh do mhic léinn Erasmus eile. Is údar imní iad torthaí eile; mar shampla, bhraith 23% acu nach raibh an áit ina rabhadar ina gcónaí slán istoíche, agus is gá do na húdaráis éagsúla a ndícheall a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach ar mhaithe le na cónaitheoirí agus na mic léinn. Léiríonn an tuarascáil go bhfuil mianach ollmhór ag Baile Átha Cliath chun a bheith i dtús cadhnaíochta ar domhan chun mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh maille leis na sochair gheilleagracha agus chomhdhaonnacha a n-eascróidh astu."
Dúirt Gerry O'Sullivan ón gclár Erasmus in Éirinn,
Tá na mic léinn Erasmus atá ag teacht go Baile Átha Cliath agus Maigh Nuad ag léiriú go soiléir go bhfuil siad sásta lenár n-institiúidí ard-oideachais agus lenár bpríomhchathair. Ach is léir go bhfuil rudaí áirithe le feabhsú ar nós tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn atá ar cuairt chugainn chun tuilleadh taithí a fháil ar shaíocht na hÉireann agus chun bualadh le mic léinn Éireannacha mar aon le fadhbanna a bhaineann le lóistín agus iompar poiblí a réiteach."