Is é misean na Roinne seo ná oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar a (a) chuirfidh ar chumas daoine aonair a n-acmhainn iomlán a thabhairt i gcrích agus páirt iomlán a ghlacadh mar bhaill den tsochaí; agus (b) cur le forbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch na hÉireann.
Ar na príomhthosaíochtaí atá ag an Roinn tá cur chun cinn an chothromais agus an chuimsithe, torthaí ar ardchaighdeán, agus foghlaim ar feadh an tsaoil; pleanáil d'oideachas atá bainteach le riachtanais phearsanta, shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíocha; agus feabhas a chur ar an gcumas atá ag an Roinn chun seirbhísí a sheachadadh, chun polasaí a cheapadh, agus chun taighde agus measúnú a chur i gcrích.